|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Seoladh FEACHTAS, 10 Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 Fón 01-8786424 087 9046136 Ríomhphost feachtas2@eircom.net |
TÚS NUA d'FHEACHTAS Labhair Cathaoirleach an óg-eagras Ghaelach FEACHTAS, Pádraigín Nic Gearailt agus í ag caint inniu ar earcú Oifigeach Forbartha nua FEACHTAS, dúirt sí, "Is tús nua an earcú seo de Fheachtas." Ag labhairt inniu, dúirt Nic Gearailt, "Fostaíodh Seán Ó hAdhmaill, an Oifigeach Forbartha nua le FEACHTAS toisc go raibh gá, agus dar leis an gcoiste, deis forbartha ag an eagraíocht in oirthear na tíre, Cúige Laighean agus i mBaile Átha Cliath ach go háirithe. "Beidh FEACHTAS tar éis bheith ag feidhmiú le 25 bliana ó Mhárta 2005 agus iad ag eagrú imeachtaí shóisialta do dhaoine óga trí Ghaeilge agus ag bunú gasraí agus clubanna óige ar fud na tíre. "Tuigeann muid go bhfuil an iliomad daoine óga ann go bhfuil spéis acu sa Ghaeilge ach nach bhfuil deis acu páirt a ghlacadh in imeachtaí trí Ghaeilge toisc easpa eolais faoi na h-imeachtaí a bhíonn á n-eagrú againne agus ag óg-eagrais Ghaeilge eile. Fostaíodh Seán Ó hAdhmaill chun iarracht a dhéanamh teacht thar an fhadhb seo agus chun cumarsáid a thosú idir an eagraíocht agus daoine óga ag a bhfuil spéis sa Ghaeilge trí dhíriú isteach ar scoileanna Chúige Laighean. Ceann de na céad rudaí a rinne an tUasal Ó hAdhmaill ná beart eolais a sheoladh amach chuig timpeall 550 scoileanna i gCúige Laighean. Tá freagra ag teacht ar ais gach lá ó na scoileanna seo agus tá FEACHTAS ag bunú gasraí/clubanna i scoileanna trí Chúige Laighean i rith an ama. Ar a bharr sin tá FEACHTAS tar éis Ceardlann Ealaíona agus Díospóireacht dhá bhabhta a eagrú le déanaí. Táthar freisin ag eagrú Tráth na gCeist ar fud na tíre agus táthar páirteach in eagrú Scléip na hÓige an Oireachtais, maraon le hóg-eagrais Ghaeilge eile. De réir Ó hAdhmaill, "Tá fás iontach tagtha ar an eagraíocht in am an-ghairid rud a léiríonn ní hamháin fuinneamh na foirne ach níos tábhachtaí fós taispeánann sé go bhfuil an-spéis sa Ghaeilge agus nach gá ach na deiseanna atá ann do mhuintir óg na Gaeilge a fhógrú go h-éifeachtach agus freastalófar ar na himeachtaí. Is, gan amhras, dúshlán é d'aon eagraíocht le maoiniú srianta an fhógrú éifeachtach seo a choimeád suas agus an eagraíocht a choimeád i mbéal na ndaoine ." "Tá mé an-deimhneach agus an-dóchasach áfach faoi thodhchaí FEACHTAS mar tá blianta fada de thaithí ag an gcoiste ceannais agus ar bharr sin tá an choiste an-oscailte i leith smaointe úra a chabhróidh agus a chinnteóidh forbairt agus fás na heagraíochta." CRÍOCH. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||