|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Seoladh FEACHTAS, 10 Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 Fón 01-8786424 087 9046136 Ríomhphost feachtas2@eircom.net |
A Eagarthóir, a chara,Léigh mé colún Gearóid Ó Cairealláin le h-áthas an Déardaoin seo caite (16 Meán Fómhair), nó tá mé den tuairim céanna leis de go leor dá raibh le rá aige faoin gá le h-imeachtaí shóisialta a eagrú do Ghaeilgeoirí. I "mBeart a dó: cumainn iarscoile" luaigh sé an géarghá le "cumann óige a chuirfidh deis ar fáil do Ghaeil óga imeachtaí éagsúla a dhéanamh trí mheán na Gaeilge". Aontaím leis nó is é sin ceann de chúraim mo phost, mar Oifigeach Forbartha do FEACHTAS. Tá go leor eagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre atá ag déanamh tréan, Ógras, An Club Eachtra, Cumann na bhFiann, agus Spleodar chun roinnt dóibh a ainmniú ach tá dá fhadhb ag baint leis an obair a dhéanann muid. Ar an chéad cuirtear srianadh ar an obair atá a dhéanamh againn de bharr easpa acmhainní daonna agus airgeadais. Leis sin, agus is fadhb í seo do ghluaiseacht na Gaeilge go ginearálta níl cumarsáid éifeachtach ann i measc gluaiseacht na Gaeilge, mar sin de, cé bhfuil muid féin agus eagraíochtaí eile ag obair ní bhíonn eolas ag Gaeil óga, ach go h-áirithe faoi na deiseanna atá ann. Tá iarrachtaí mhaithe tosaithe, mar shampla, an nuachtán seo, TG4 (ach ró-costasach d'eagraíochtaí bheaga fógra a chur ann), agus roinnt de na suíomhanna idirlíne ina fóraim ann ach níl forbartha go leor go fóill agus ní bheidh go dtí go dtosaíonn Gaeilgeoirí ag baint úsáid astu. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||