Seoladh
FEACHTAS,
10 Sráid na Mainistreach Íochtarach,
Baile Átha Cliath 1

Fón
01-8786424
087 9046136

Ríomhphost
feachtas2@eircom.net


Peadar Ó Catháin
Rúnaí

Rugadh Peadar Ó Catháin i nGaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, i gCo. Mhuigheo. Chaith sé tamall i gColáiste Iarlatha i dTuaim agus i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh.

Chaith sé blianta i mbun postanna i Sasana agus in Éirinn sula ndeachaigh sé ag obair le FEACHTAS ag deireadh na bliana 1996 mar Oifigeach Forbartha san Iarthar. Bhunaigh sé roinnt clubanna agus d’eagraigh sé campa samhraidh i gCathair na Mart i rith an tréimhse sin. B’iad cúrsaí drámaíochta na príomh imeachtaí a bhíodh aige do na clubanna agus bhíodh spóirt ar siúl aige don chlub i gCathair na Mart agus i gCluain Chearbhán.

Ceapadh mar phríomh rúnaí ar Feachtas é sa mbliain 2001 agus uaidh sin i leith tá sé ag plé leis an Roinn Gnóthaí Ógra, ag eagrú Tráth na gCeist Boird agus campa samhraidh sa Mhuileann Chearr ag a bhfreastlaíonn na céadta daoine óga gach bliain.