Seoladh
FEACHTAS,
10 Sráid na Mainistreach Íochtarach,
Baile Átha Cliath 1

Fón
01-8786424
087 9046136

Ríomhphost
feachtas2@eircom.net

Suíomh idirlín curtha ar fáil ag GaelTeic


Caith an Fáinne agus bí bródúil as do chuid Gaeilge!
Deireann an Fáinne “Tá Gaeilge agamsa – Labhair liom í”.

Nuair a chaitheann tú an Fáinne, tuigeann daoine go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú sásta í a labhairt.

Tá an Fáinne Ór do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus tá an Fáinne Airgid oiriúnach do dhaoine le cumas bunúsach Gaeilge. Tá suaitheantas “Cúpla Focail” ann freisin a léiríonn go bhfuil tú sásta iarracht a dhéanamh cibé Gaeilge atá agat a úsáid.

Caithfear scrúdú béal a dhéanamh chun caighdeán do chuid Gaeilge a mheas. Cuireann FEACHTAS an scrúdú seo ar fáil agus tá muid sásta cuairt a chur ar scoileanna chun an scrúdú a chur ar fáil.

Seo a leanas praghasliosta na fáinní/suaitheantais;

Fáinne Ór: €6
Fáinne Airgid: €5
Suaitheantas “Cúpla Focail”: €3.50